An Chéad Chomhairliúchán Poiblí

Tá tús curtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le forbairt scéime don Ghlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard. I rith an phróisis deartha, reáchtálfaidh foireann an tionscadail roinnt céimeanna de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil. D’fhéadfadh meascán d’imeachtaí eolais poiblí agus/nó d’fhoilsiú gnéithe den scéim go leictreonach d’fhonn barúlacha a fháil a bheith i gceist leis na comhairliúcháin seo.

An Chéad Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil – Limistéar Staidéir agus Srianta

Mar chuid den obair go dtí seo, tá limistéar staidéir sainithe ag AECOM agus tá siad i mbun na srianta saorga agus na srianta nádúrtha atá ann a aithint, mar aon le paraiméadair sheachtracha ar bith a bhaineann leis an limistéar staidéir. Áirítear ar na paraiméadair sheachtracha seo (ach gan a bheith teoranta dóibh) srianta eacnamaíochta, innealtóireachta agus comhshaoil.

Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, cuireadh do chónaitheoirí an cheantair áitiúil, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le Limistéar Staidéir agus Srianta thionscadal an Ghlasbhealaigh idir Gaillimh agus Uachtar Ard. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.

Mar gheall ar an bPaindéim Covid-19, atá ag dul ar aghaidh fós, ní eagrófar taispeántais mapaí agus doiciméid i gceantair áitiúla ag an am seo. Ina ionad sin, forbraíodh láithreán gréasáin tionscadail ar a bhfuil an t-eolas ar fad a bhíonn ar taispeáint ag imeachtaí den sórt sin go hiondúil, lena n-áirítear bróisiúr scéime agus ceistneoir lena dtugtar deis duit do chuidse a rá maidir leis an tionscadal.

Tá Foireann an Tionscadail ag súil go mbeifear ábalta taispeántais áitiúla a chur ar siúl do Chomhairliúcháin Phoiblí amach anseo, ag brath ar chúinsí.

Ó tharla go bhfuiltear ag súil go gcuirfear an-spéis sa chomhairliúchán, cuireadh bróisiúr ina bhfuil faisnéis faoin tionscadal i dtoll a chéile agus is féidir é a íoslódáil ANSEO. Tá ceistneoir istigh sa bhróisiúr freisin, a thugann deis duit do chuidse a rá maidir leis an tionscadal. Tugtar ar aird go bhféadfaí an ceistneoir seo a chomhlánú ANSEO.

Is é Dé Máirt, an 22 Márta 2022 an dáta deiridh a nglacfar le ceistneoirí comhlánaithe. Is féidir ceist ar bith eile a bheadh agat i ndiaidh an dáta seo a sheoladh ar an bpost / ar ríomhphost chuig foireann an tionscadail ar bhonn leanúnach.