An Nuacht is Déanaí
Tríú Comhairliúchán Poiblí
Tá Foireann an Tionscadail anois críochnaithe le measúnú Chéim 2 ar Roghanna don Chonair Bhealaigh agus tá siad beagnach críochnaithe le Céim 2 – Próiseas Roghnaithe Roghanna.
Beidh an tríú Comhairliúchán Poiblí á sheoladh Dé hAoine an 12 Bealtaine 2023. Tugann muid cuireadh do gach úinéir talún, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo maidir leis an gConair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar. Féach ar Táb an Chomhairliúcháin Phoiblí chun tuilleadh eolais a fháil.
Gabhann muid buíochas leat as do rannpháirtíocht leanúnach sa phróiseas seo agus sa chás go mbeadh aon cheist eile agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.
Nuashonrú ar Thionscadal an Ghlasbhealaigh idir Gaillimh agus Uachtar Ard
Tá an fhoireann tionscadail i mbun Measúnú Chéim 2 a dhéanamh ar Roghanna don Chonair Bhealaigh faoi láthair, ag glacadh an aiseolais a fuarthas ó Chomhairliúchán Poiblí 2 san áireamh.
Faoi láthair, tá muid ag súil go reáchtálfar an tríú Comhairliúchán Poiblí ag tús na bliana 2023, áit a mbeidh muid in ann an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar a chur i láthair, agus cuirfidh muid fáilte arís roimh aighneachtaí ó dhaoine den phobal.
Gabhann muid buíochas leat as do rannpháirtíocht leanúnach sa phróiseas seo agus sa chás go mbeadh aon cheist eile agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.