Ceisteanna Coitianta

Céard atá i gceist leis an tionscadal seo?
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, ag obair chun conair áineasa a fhorbairt lena gcuirfí slí ar fáil do chomaitéirí agus do dhaoine a bhíonn ag rothaíocht mar chaitheamh aimsire trína gceanglófaí cathair na Gaillimhe le baile Uachtar Ard.
Mar is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh.
Tá foireann an tionscadail go hiomlán tiomnaithe do bhreithniú a dhéanamh ar aon ionchur ó dhaoine den phobal, amhail aighneachta a fhaightear tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí nó trí shaincheisteanna áitiúla a aithint. Ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.  Féach ar an Táb Comhairliúcháin Phoiblí ar Láithreán Gréasáin an Tionscadail seo chun eolas a fháil ar mar is féidir leat do thuairim a thabhairt.
An mbeidh tionchar ag an tionscadal seo ar an bpróiseas iarratais pleanála sa cheantar?
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe / Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as forbairt a phleanáil agus a bhainistiú laistigh den limistéar staidéir. D’fhéadfaí iarratais pleanála agus forbairtí nua a cheadú fós laistigh den limistéar staidéir, ó tharla go bhféadfadh roinnt iarratas pleanála tionchar a imirt ar an tionscadal áfach, déanfaidh an fhoireann deartha gach iarratas pleanála ábhartha a athbhreithniú. Déanfar gach iarratas pleanála a bhreithniú ar bhonn cás ar chás.
Mar a gheofar talamh.
Táthar ag súil gur tailte faoi úinéireacht an stáit (nuair is féidir), chomh maith le tailte a gheofar trí Chomhaontuithe Deonacha, is mó a úsáidfear i gcomhair na dtailte a theastóidh don Ghlasbhealach.

Sa chás gur gá talamh príobháideach a fháil i ndiaidh an chonair bhealaigh is fearr a bheith roghnaithe, rachaidh poiblitheoir an tionscadail i dteagmháil le húinéirí talún aonair d’fhonn teacht ar réiteach i ndáil leis an mbealach a íoslaghdaíonn an tionchar ar a bhfeirm / a ngabháltas maoine faoi seach agus d’fhonn dul i mbun Comhaontuithe Deonacha maidir le Talamh a Fháil sa chás gur féidir sin a dhéanamh.  Cuirfear tús leis an bpróiseas chun Comhaontuithe Deonacha maidir le Talamh a Fháil a aontú roimh iarratas ar thoiliú pleanála.

D’fhonn tuilleadh treorach agus faisnéise a fháil, féach ar an gCód Dea-Chleachtais do Thionscadail Glasbhealaigh Náisiúnta agus Réigiúnacha agus na cáipéisí maidir le hÍocaíocht Inbhuanaitheachta Glasbhealaigh lena mbaineann ANSEO.

Cén chaoi a ndéanfar an baol a bhaineann le Coireacht/Iompar Frithshóisialta a bhainistiú?
Déanfaidh an chomhairle an Glasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard a bhainistiú agus a choinneáil, a chinnteoidh go gcuirfear bearta cuí i bhfeidhm chun iompar frithshóisialta a íoslaghdú. Beidh an chomhairle ag obair go dlúth le príomhpháirtithe leasmhara, na Gardaí mar shampla, a dhéanann aithris ar a bhfuil i bhfeidhm ag tionscadail ghlasbhealaigh eile go dtí seo.