Dara Comhairliúchán Poiblí
Comhairliúchán Poiblí 2 – Roghanna don Chonair Bhealaigh
Le linn na chéad chéime den phróiseas roghnaithe roghanna, Réamh-Mheasúnú Roghanna Chéim 1, ag glacadh na srianta a aithníodh roimhe sin agus an t-aiseolas a fuarthas tríd an gcéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil i mí Feabhra/Márta 2022 san áireamh, d’aithin foireann an tionscadail réimse roghanna féideartha don Ghlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard. Tugadh faoi Réamh-Mheasúnú Roghanna Chéim 1 de réir Threoirlínte Bainistithe Tionscadail an TII, agus tá na Roghanna don Chonair Bhealaigh atá gearrliostaithe agus atá le tabhairt chun cinn go dtí Céim 2 aitheanta.
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, cuireadh do chónaitheoirí an cheantair áitiúil, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir leis an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard, bunaithe ar na Roghanna don Chonair Bhealaigh. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé hAoine an 17 Meitheamh 2022 go dtí Dé hAoine an 15 Iúil 2022. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.
Imeachtaí ag a mbeidh Daoine i Láthair
Éascóidh baill d’fhoireann an tionscadail imeachtaí comhairliúcháin ag a mbeidh daoine i láthair, a bheidh ar fáil chun aon cheist ná aon ábhar imní faoin tionscadal a phlé.
- Áras Uillinn, Bóthar an tSéipéil, Maigh Cuilinn
Dé Máirt an 21 Meitheamh 2022 – 12:00-21:00 - Ionad Pobail Uachtar Ard, An Phríomhshráid, Uachtar Ard
Dé Céadaoin an 22 Meitheamh 2022 – 12:00-21:00 - Óstán Clybaun, Bóthar an Chlaí Bháin, Gaillimh
Déardaoin an 23 Meitheamh 2022 – 12:00-21:00
Comhairliúchán Fíorúil
Tá an t-eolas ábhartha maidir leis an tionscadal ar fáil i dTáb an Chomhairliúcháin Phoiblí do dhuine ar bith nach mbeidh ábalta a bheith i láthair, nó nach bhfuil ar a gcompord freastal ar imeacht ag a mbeidh daoine ar an láthair.
Seol Aiseolas
Beidh deis agat aiseolas a sheoladh ar aghaidh ag ceann de na imeachtaí ag a mbeidh daoine i láthair nó go digiteach trí láithreán gréasáin an tionscadail seo. Mar mhalairt air sin, tá rogha agat cóip den cheistneoir a íoslódáil agus é a chur i gcló agus freagra a thabhairt trí é a sheoladh ar an bpost nó é a scanadh agus a sheoladh ar ríomhphost faoi: Dé hAoine an 15 Iúil 2022.
Is é Dé hAoine an 15 Iúil 2022 an dáta deiridh a nglacfar le ceistneoirí comhlánaithe. Is féidir ceist ar bith eile a bheadh agat i ndiaidh an dáta seo a sheoladh ar an bpost / ar ríomhphost chuig foireann an tionscadail ar bhonn leanúnach.