Maidir linn
Maidir leis an Tionscadal
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, ag obair chun conair áineasa a fhorbairt lena gcuirfí slí ar fáil do chomaitéirí agus do dhaoine a bhíonn ag rothaíocht mar chaitheamh aimsire trína gceanglófaí cathair na Gaillimhe le baile Uachtar Ard. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, beidh an bealach mar chuid de Ghlasbhealach Chonamara idir Gaillimh agus an Clochán, mar aon leis an mbealach EuroVelo 1 (‘Cósta an Atlantaigh), ar bealach rothaíochta fadraoin 11,000km é idir an Iorua agus an Phortaingéil.
Féachfar leis an tionscadal deiseanna sábháilte, áisiúla a chur ar fáil d’úsáideoirí agus comaitéirí fadraoin agus gearr-raoin le taisteal a dhéanamh idir áiteanna feadh an bhealaigh. Táthar ag súil go gcuirfear rochtain feabhsaithe ar Chonamara ar fáil trí ghlasbhealach a chur ar fáil san áit seo agus go dtabharfar spreagadh d’úsáideoirí chun breathnú thart ar an iomaí baile agus sráidbhaile sa cheantar, mar aon leis an tuath gan mhilleadh atá ar fáil ann. Beidh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagair na tuaithe agus cuirfear an spreagadh atá ag teastáil i leith fiontraíocht nua agus athghiniúint na tuaithe ar fáil leis. Ina theannta sin, cuirfear athrú chun feabhais ar shláinte agus ar fholláine ghinearálta úsáideoirí an bhealaigh de thoradh an mhéadaithe ar ghníomhaíocht siúil agus rothaíochta a thiocfaidh as agus cuirfear laghdú ar úsáid carranna agus ar na leibhéil ghaolmhara astaíochtaí carbóin mar gheall air.
Cuspóirí an Tionscadail:
Le tagairt do Threoirlínte Breithmheasa Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann Aonad 13.0 – Saoráidí do Choisithe agus do Rothaithe, tá infheistíocht i súil agus i rothaíocht ina príomhchuspóir beartais ag an Rialtas. Aithnítear sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (NDP) an tábhacht a bhaineann le taisteal gníomhach, ní hamháin chun astaíochtaí carbóin a laghdú ach chun torthaí straitéiseacha náisiúnta eile a bhaint amach chomh maith, amhail fás uirbeach dlúth agus forbairt réigiúnach chothrom. Tarraingítear aird ar na buntáistí ilghnéitheacha a thagann as infheistíocht i dtaisteal gníomhach i mbeartas náisiúnta eile, amhail an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, an Straitéis d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo agus an Plean Gníomhaíocht Fhisiciúil Náisiúnta. Áirítear ar na buntáistí sin laghduithe ar astaíochtaí carbóin, buntáistí don tsláinte choirp agus don mheabhairshláinte, turasóireacht agus feabhsuithe ar inrochtaineacht agus ar ionchuimsiú sóisialta.
De réir Threoirlínte Breithmheasa Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann, tá cuspóirí don tionscadal bunaithe i gcomhthéacs na sé chritéar seo a leanas atá leagtha amach sa Chomhchreat Breithmheasa:
- Comhshaol
- Geilleagar
- Comhtháthú
- Sábháilteacht
- Gníomhaíocht Fhisiciúil
- Inrochtaineacht agus Ionchuimsiú Sóisialta
Breithníodh na critéir ‘Cúig S’ chomh maith agus na cuspóirí a bhí sonrach don tionscadal á leagan amach: Áilleacht ó thaobh Radhairc de, Inbhuanaithe, Straitéiseach, Scoite Amach agus Go Leor le Feiceáil agus le Déanamh (Scenic, Sustainable, Strategic, Segregated and lots to See and Do), mar atá leagtha amach i Straitéis an Rialtais d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo.
Tugadh faoi athbhreithniú breise ar chuspóirí an tionscadail i ndiaidh an chéad chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil a rinneadh i mí Feabhra / Márta 2022 de réir mar a bhogaimid ar aghaidh leis an bpróiseas roghnaithe roghanna. Tá na cuspóirí déanta níos beaichte ó tharla tuilleadh eolais tagtha chun cinn agus mion-nuashonraithe déanta.
Tá cuspóirí reatha an tionscadail thíos:
Teideal an Bhreithmheasa | Cuspóir | Fochuspóirí |
Gníomhaíocht Fhisiciúil / Inrochtaineacht agus Ionchuimsiú Sóisialta |
|
|
Sábháilteacht |
|
|
Turasóireacht / Geilleagar |
|
|
Aeráid |
|
|
Comhshaol |
|
|
Comhtháthú |
|
|
* Tuigeann Foireann an Tionscadail go bhfuil an Roinn Iompair i mbun nuashonrú iomlán a dhéanamh ar an gComhchreat Breithmheasa maidir le Tionscadail agus Cláir Iompair (CAF) atá le foilsiú i R2 2022. Déanfaidh an fhoireann na nuashonruithe a athbhreithniú nuair a bheidh siad ar fáil.
Céard atá ar siúl i láthair na huaire?
Tá Tionscadal an Ghlasbhealaigh idir Gaillimh agus Uachtar Ard ag Céim 2: Roghnú Rogha, i láthair na huaire, ar próiseas é ina bhfuil 3 fhochéim.
- Fochéim 1 – Réamh-Mheasúnú Roghanna
- Fochéim 2 – Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail
- Fochéim 3 – Rogha na Tosaíochta
Le linn Chéim 1, ag glacadh na srianta a aithníodh roimhe sin agus an t-aiseolas a fuarthas tríd an gcéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil i mí Feabhra/Márta 2022 san áireamh, d’aithin foireann an tionscadail réimse roghanna féideartha don Ghlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard. Tugadh faoi Réamh-Mheasúnú Roghanna Chéim 1 de réir Threoirlínte Bainistithe Tionscadail an TII, agus aithníodh agus cuireadh i láthair na Roghanna don Chonair Bhealaigh atá gearrliostaithe agus atá le tabhairt chun cinn go dtí Céim 2 le linn an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil i Meitheamh/Iúil 2022.
Tá Céim 2 – Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail anois curtha i gcrích. Forbraíodh ailíniú táscach glasbhealaigh laistigh de gach ceann de na seacht gconair tar éis aiseolas a fuarthas ó chomhairliúchán a rinneadh roimhe seo a mheas. Bhí na roghanna sin faoi réir measúnú mionsonraithe eile i gcomhréir le Treoirlínte Breithmheasa Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann agus leis an gComhchreat Breithmheasa. Leis an measúnú sin socraíodh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar atá á cur i láthair ag an gcomhairliúchán seo.
Tugann foireann an tionscadail cuireadh duit anois páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard, bunaithe ar an gConair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar.
Féach ar Táb an Chomhairliúcháin Phoiblí chun tuilleadh eolais a fháil.