Tríú Comhairliúchán Poiblí
An Tríú Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil – An Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar
Tá Céim 2 – Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail anois curtha i gcrích. Forbraíodh ailíniú táscach glasbhealaigh laistigh de gach ceann de na seacht gconair tar éis aiseolas a fuarthas ó chomhairliúchán a rinneadh roimhe seo a mheas. Bhí na roghanna sin faoi réir measúnú mionsonraithe eile i gcomhréir le Treoirlínte Breithmheasa Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann agus leis an gComhchreat Breithmheasa. Leis an measúnú sin socraíodh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar atá á cur i láthair ag an gcomhairliúchán seo.
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, cuireadh do chónaitheoirí an cheantair áitiúil, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir leis an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Uachtar Ard, bunaithe ar an gConair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé hAoine an 12 Meitheamh 2023 go dtí Dé hAoine an 23 Iúil 2023. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.
Imeachtaí ag a mbeidh Daoine i Láthair
Reáchtálfar sraith imeachtaí comhairliúcháin phoiblí agus daoine ar an láthair i Ros Cathail, in Uachtar Ard agus i gCathair na Gaillimhe ar an 16, 17 agus 18 Bealtaine 2023.
- Ionad Pobail Chill Aithnín, Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Dé Máirt an 16 Bealtaine 2023 – 12:00-20:00 - Ionad Pobail Uachtar Ard, An Phríomhshráid, Uachtar Ard
Dé Céadaoin an 17 Bealtaine 2023 – 12:00-20:00 - Aitriam Fhoirgneamh na Bitheolaíochta Daonna – Campas Theas, Ollscoil na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe
Déardaoin an 18 Bealtaine 2023 – 12:00-20:00
A copy of the Campus Map can be found here.
Comhairliúchán Fíorúil
Beidh an seomra comhairliúcháin fíorúil ar fáil beo ón 12 Bealtaine 2023 agus beidh gach eolas ábhartha maidir leis an tionscadal ar fáil laistigh de Tháb an Chomhairliúcháin Phoiblí.
Is féidir teacht ar an seomra comhairliúcháin fíorúil tríd an nasc thíos. Tá léarscáil idirghníomhach laistigh den seomra comhairliúcháin phoiblí fíorúil, áit a mbeidh tú in ann athbhreithniú a dhéanamh go mion ar an gConair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar. Tá nasc curtha isteach againn thíos le go mbeidh sé níos éasca tú a thabhairt chuig an léarscáiliú idirghníomhach go díreach. Laistigh den léarscáil is féidir leat d’Éirchód nó do Sheoladh a chur isteach sa deilbhín cuardaigh atá ag barr na léarscáile sa choirnéal ar thaobh na láimhe clé.
Seol Aiseolas
Beidh deis agat aiseolas a sheoladh ar aghaidh ag ceann de na himeachtaí ag a mbeidh daoine i láthair nó go digiteach trí láithreán gréasáin an tionscadail seo. Mar mhalairt air sin, tá rogha agat cóip den cheistneoir a íoslódáil agus é a chur i gcló agus freagra a thabhairt trí é a sheoladh ar an bpost nó é a scanadh agus a sheoladh ar ríomhphost faoi Dé hAoine an 23 Meitheamh 2023. Is féidir ceist ar bith eile a bheadh agat i ndiaidh an dáta seo a sheoladh ar an bpost / ar ríomhphost chuig foireann an tionscadail ar bhonn leanúnach.